8. Acht tusa, a THIGHEARNA, do dhéanair magadh orra; do dhéanair tarcuisne air na geintibh uile.
9. Do bhrígh a neirtsion do bhéaradsa aire dhuitsi: óir is tusa a THIGHEARNA mo dhídean.
10. Tiucfaidh mo Dhía grásamhuil romham: do bhéara Dia dhamh mo mhían dfaicsin air mo naimhde.
11. Ná marbh íad, deagla go ndéanadh mo dhaoine dearmad: spréidh íad re do chumhachdaibh; agus tabhair a núas íad, a THIGHEARNA ar scíath.
12. Ar son peacaidh a mbéil bríathair a bpuisín gabhthar íad ann a núabhar: agus ar son a malluighthe agus a mbréug noch labhruid.
13. Díothlaithrigh a bhfeirg íad, díothlaithrigh, go nach béid ann: agus bíodh a fhios aca go bhfuil Día ag ríaghladh ann Iácob go téorannuibh na talmhan. Selah.