Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 59:2-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Sáor mé ó lucht oibrighthe na hurchóide, agus coimhéad mé ó dhaóinibh fuilteacha.

3. Oír, cheana, atáid ag luigheachán air manam: cruinnighid na cumhachtaigh a naóinfheachd am aghaidh; ní ar son mo sháruighthe, ní air son mo pheacaidh, a THIGHEARNA.

4. Rithid gan chion air bíth dom tháoibhse agus ullmhuighid íad féin: éirighsi súas do theagmháil leam, agus dearc.

5. Agus tusa, a THIGHEARNA Día na slógh, Día Israel, múscail dfeuchuin na ccineadhachso uile: ná bí grásamhuil dóibh uile noch oibrighíos urchúid go meantolach. Selah.

6. Fillid tráthnóna: do níd fuáim amhuil madradh, agus imthighid fa ccúairt a dtimchioll na caithreach.

7. Féuch, taifnid re na mbéul: atáid cloidhmhthe iona bpusaibh; oír, a deirid, Cía chluin?

8. Acht tusa, a THIGHEARNA, do dhéanair magadh orra; do dhéanair tarcuisne air na geintibh uile.

9. Do bhrígh a neirtsion do bhéaradsa aire dhuitsi: óir is tusa a THIGHEARNA mo dhídean.

10. Tiucfaidh mo Dhía grásamhuil romham: do bhéara Dia dhamh mo mhían dfaicsin air mo naimhde.

11. Ná marbh íad, deagla go ndéanadh mo dhaoine dearmad: spréidh íad re do chumhachdaibh; agus tabhair a núas íad, a THIGHEARNA ar scíath.

12. Ar son peacaidh a mbéil bríathair a bpuisín gabhthar íad ann a núabhar: agus ar son a malluighthe agus a mbréug noch labhruid.

13. Díothlaithrigh a bhfeirg íad, díothlaithrigh, go nach béid ann: agus bíodh a fhios aca go bhfuil Día ag ríaghladh ann Iácob go téorannuibh na talmhan. Selah.

14. Agus fillidis tráthnona; agus taifnedis amhuil madradh, agus imthighdis fá ccuáirt na caithreach.

15. Bídís ar seachrán síos agus súas deasbhuidh bídh, agus bídís ag ithiomrádh muna bhfaghaid a ríar.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 59