12. Ar son peacaidh a mbéil bríathair a bpuisín gabhthar íad ann a núabhar: agus ar son a malluighthe agus a mbréug noch labhruid.
13. Díothlaithrigh a bhfeirg íad, díothlaithrigh, go nach béid ann: agus bíodh a fhios aca go bhfuil Día ag ríaghladh ann Iácob go téorannuibh na talmhan. Selah.
14. Agus fillidis tráthnona; agus taifnedis amhuil madradh, agus imthighdis fá ccuáirt na caithreach.
15. Bídís ar seachrán síos agus súas deasbhuidh bídh, agus bídís ag ithiomrádh muna bhfaghaid a ríar.
16. Acht canfa misi dot neartsa; agus lúathgháirfead as do thrócaire gach maidin: óir ba tú mo choimhéad agus mo dhídean a ló mo thrioblóide.
17. O mo neart, dhuitse chanfas mé: óir isé Día mo dhídean, Día mo throcaire.