Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 58:3-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Do níd na ciontaigh coimhthighidh dhíobh féin ón mbroinn: tiaghaid ar seachrán ón mbolg, ag labhairt bhréug.

4. Is cosmhuil a nimh re nimh naithreach nimhe: is cosmhuil íad re hadar boghar noch dhruidios a chlúas.

5. Noch nach éistfe re guth na ndrúagh, ag cleachtadh a ndraóidheachda go glic.

6. A Dhé, bris a bhfíacla iona mbéul: bris amach fíacla móra na nóigleomhan, a THIGHEARNA.

7. Leaghaidís amhuil uisge noch rithios go dían a ccomhnuigh: a nuáir mheasas sé a shaighde do chaitheamh, bídís mar budh géarrtha na mblodhuibh.

8. Mar leaghas an seilíde, amhluidh sin tíaghaid a mugha; mar thoirrchios an-abuidh mná, go nach bhfacaid an ghrían.

9. Ní is doiche ná mhoitheochas bhur bpotuighe na deilg, comhmaith an beó agus an críon, búaidhirfidh an tanfa é.

10. Do dhéana an fíréun lúathgháire an tan chífios an dioghaltas: nighfe a chosa a bhfuil na neimhdhíadhach.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 58