Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 57:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Bi trócaireach dhamh, a Dhé, bí trócaireach dhamh: óir is ionnadsa atá dóigh manma: agus a scáile do sciathán bhías mo dhóigh, nó go ndeachaidh na huilcsi thorum.

2. Eíghfe mé chum Dé is ro áirde; chum an Dé noch choimhlíonus a nuile ní dhamhsa.

3. Cuirfidh sé ó flaitheamhnus, agus sáorfa sé mé, do bheir scannail don té noch do shloigfeadh súas mé. Selah. Cuírfidh Día a thrócaire agus a fhírinne chugam.

4. Atá manam a measg leomhan: luighim a measc druinge atá re theinidh, eadhon clann na ndaoine, dar gháethe agus soighde a bhfíacla, agus gur cloidhmhthe géara a tteangtha.

5. Bi ar hárdughadh, ós cionn na bhflaitheamhnus, a Dhé; do ghlóir ós an ttalamh uile.

6. Dullmhuigheadar líon a ccoinne mo choiscéimigh; do chláon manam síos: do thochladar log romham, do thuiteadar féin iona mheadhón. Selah.

7. Atá mo chroidhe ullamh, a Dhé, atá mo chroidhe ullamh: canfad agus do dhéanad moladh.

8. Músgail súos, ó mo ghlóir; dúisighe a shaltracha agus a chláirseacha: múisgeola mé air maidin.

9. Molfad thú, a measc na ndaoine, a THIGHEARNA: canfad duit a measg na gcineadhach.

10. Oír is mór do thrócaire go nuige na neamha, agus thfírinne go nuige na néulla.

11. Bí ar hárdughadh, os cíonn na bflaitheas, a Dhé: do ghlóir ós cionn na talmhan uile.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 57