1. Bi trócaireach dhamh, a Dhé: óir do shluigfeadh duine súas mé; air feadh an laói ag cathughadh do bhrúighfeadh mé.
2. Do shluigfidís mo naimhde mé air feadh an laói: óir atá iomad ag cathughadh am aghaidh, ó thusa is ro áirde.
3. A nuáir bhías eagla orum, biáidh mo dhóigh ionnadsa.
4. A Ndía mholfas mé a bhríathar, a Ndía chuirim mo dhóigh; ní bhiáidh eagla orum cred do dhéanas feóil orum.
5. Ar feadh an laói fáisgid mo bhríathra: atáid a smuaintighe éile chum uilc am aghaidh.
6. Cruinnighid íad féin ar áonbhall, folchaid íad féin, comharthuighid mo choiscéimighe, a nuáir bhíd ag foraire ar manam.