8. Do dhéanuinn deithnios rem eulógh ón ngaóith ngúasachdaigh agus anfaidh.
9. Scrios, a THIGHEARNA, agus roinn a tteangtha: óir do chonnairc mé foiréigion agus imreasan annsa chathruigh.
10. A ló agus a noidhche tigid na timchioll air na balladhuibh: atá urchóid agus doilghios iona meadhón.
11. Atá corbadh ann a lár: agus ní dhealuighionn meabhail agus cealg ré na sráidibh.
12. Óir ni námhaid do imdhearg mé; annsin dféadfuinn a iomchar: níor arduigh an té dó fhúathaigh mé é féin am aghaidh; ann sin do rachfuinn a bhfolach air:
13. Acht tusa, a dhuine mar mo shamhuil féin, mo éoluighe, agus mfear aitheantais.
14. Do rinneamar aráon comhairle mhilis, do chúadhmar a naóinfheachd go tigh Dé.
15. Gabhadh an bás sealbh orra, tíaghaid síos go hifrionn beo: óir atáid uile iona ccoimhthionól, iona meadhón.
16. Ar mo shonsa, éighfe mé chum Dé; agus sáorfa an TIGHEARNA mé.