Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 55:16-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Ar mo shonsa, éighfe mé chum Dé; agus sáorfa an TIGHEARNA mé.

17. Tráthnóna, agus air maidin, agus san meadhón laói, do dhéana mé urnaigh, agus éighfiod ós áird: agus cluinfidh seision mo ghuth.

18. Dfúasgail sé manam a síothcháin ón gcath do bhí am aghaidh: óir is re hiomad do bhádar ag cur chugam.

19. Cluinfidh an Día láidir, agus do bhéaraidh a núas íad, eadhon an té atá ann ón tseanaimsir. Selah. Ar a nadhbhar nach áthruighid, dá bhrígh sin ní bhíonn eagla Dé orra.

20. Do chuir sé a lámha amach a naghaidh an luchda do bhí a síothcháin ris: do bhris sé a chunnradh.

21. Bá bláithe bríathra a bhéil ná ím, acht do bhí cogadh iona chroidhe: bá buige a fhocail ná ola, gidheadh bá cloidhmhthe tairrngthe íad.

22. Teilg do mhuirighin air an TIGHEARNA, agus cothochuidh sé thú: ní fhuileonguidh sé an fíréun do chorrughadh go bráth.

23. Acha tusa, a Dhé, bhéaras síos íad go poll an bháis: ní mhairfid daoine fuilteacha agus cealgacha leith a láetheadh; Acht biáidh mo dhóighse ionnadsa.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 55