1. Tabhair éisteacht dom ghuidhe, ó a Dhé; agus ná foluigh thú féin óm ghearán.
2. Tabhair aire dhamh, agus éist riom: do ním doilghios ann mo ghearán, agus do ním fuáim;
3. Tre ghuth na námhad, tre ainleatrom na bpeacach: óir do bheirid urchóid orum, agus fuathighid mé a ndíbhfheirg,
4. Atá mo chroidhe air na ro phíanadh ionnum: agus do thuiteadar úathbhása an bháis orum.
5. Atá eagla agus criothnughadh ar tteachd orum, agus dfoluigh úathbhás mé.
6. Agus a dubhras, O nach bhfuil scíathán coluim agam! do dhéanuinn eitil as, agus do bhéinn a suáimhneas.
7. Féuch, do rachuinn a bhfad ar seachrán, do dhéanuinn comhnuighe ann sa bhfásach. Selah.
8. Do dhéanuinn deithnios rem eulógh ón ngaóith ngúasachdaigh agus anfaidh.
9. Scrios, a THIGHEARNA, agus roinn a tteangtha: óir do chonnairc mé foiréigion agus imreasan annsa chathruigh.
10. A ló agus a noidhche tigid na timchioll air na balladhuibh: atá urchóid agus doilghios iona meadhón.