3. Do chuáidh gach áon ar ccúl: atáid a néinfheachd truáilligh; ní bhfuil áonduine do ní maith, ní bhfuil, fós áonduine.
4. A bhfuil luchd oibrighthe urchóide gan éolus? noch itheas mo dhaóine mar ithid aran: agus ní ghoirid air an Ndía.
5. Ann sin do bhí eagla orra le húamhan, mar nach raibh eagla: óir do spréidh Día a chnámhasan noch do rinne campa ad aghaidhsi: do náirigh tú íad, do bhrígh gur dhiúlt Día íad.
6. O dá ttugthaói slánughadh Israel amach as Sion! A nuáir iompochus Día braighdeanas a dhaóine, do dhéana Iácob lúathgháir, agus Israel gáirdeachus.