Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 52:5-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Mar an ccéadna scriosfuidh Día thú go brath, agus béaruidh seachad thú, agus tarrongfuidh thú as do pháilliún, agus beanfaidh do fhréumha as talamh na mbeo. Selah.

6. Do chífidh an fíréun mar an ccéadna, agus biáidh eagla air, agus do dhéana gáire fáoi:

7. Dearc, an nduine nach déarna a neart do Dhía; acht do chuir a dhóigh iona iomad saidhbhris, agus do neartuigh é féin iona chionntaibh.

8. Acht misi mar chrann ghlas oilibh a ttigh Dé: atá mo dhóigh a ttrócaire Dé go sáoghal na sáoghal.

9. Molfad thú go síorruidhe, do bhrígh go ndéarna tú sin: agus feithmhe mé ar hainm; óir is maith é ós coinne do náomh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 52