7. Glansa le hisóip mé, agus bíad glan: nigh mé, agus budh gile mé ná sneachda.
8. Do bhéarair orum gáirdeachus agus lúathgháir do chlos; chum go ndéindís na cnámha noch do bhris tú luathgháire.
9. Foluigh haghaidh óm pheacuighibhsi, agus scrios uáim mo chionta.
10. Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán.
11. Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná béir do spiorad náomhtha uáim.
12. Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir.