12. Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir.
13. Ann sin múinfidh mé do shlighe do chiontachaibh; agus iompóchthair peacacha chugadsa.
14. Sáor mé ó fhuil, a Dhé, Día mo shlánuighthe: agus foillseochaidh mo theanga thfíréantacht ós áird.
15. A THIGHEARNA, foisgeola tú mo phuisíne; agus foillseochaidh mo bhéul do mholadh.
16. Oír ní iarrann tú íodhbairt; agus ge ttiubhruinn sin uáim: ní bhfuil dúil agad a nofráil loisge.
17. Is íad íodhbartha Dé spiorad briste: ar chroidhe bhriste chomhbhrúighte, a Dhé, ní dhéanair tarcuisne.
18. Déan maith do Shion ó do dheagh-thoil féin: cuir súas balladha lerusalem.
19. Annsin biáidh fonn agad a níodhbairt na fíréuntachda, a nofráil loisge agus a nofráil chnaóite go hiomlán: annsin do dhéanaid bulóga óga do thoirbhirt air haltóir.