1. Deuna trócaire orum, a Dhé, do réir do thrócaire móire: do réir ro iomaid do thruáighe scrios amach maindlighthe.
2. Nigh mé ó mo chiontaibh go hiomlán, agus glan mé ó mo pheacaidh.
3. Oír admhuighim mo chionta: agus atá mo pheacadh ós mo choinne a ccomhnuigh.
4. Ad haghaidhsi, féin amháin, do pheacaidh mé, agus ad radharcsa do rinneas an tolc: chum go bhfíoruighthear thusa ann hurlabhra, agus go rabhair fíorghlan ann do bhreitheamhnus.
5. Féuch, is an eigceart do chumadh mé; agus a gcionntuibh do ghabh mo mhathair a mbroinn mé.
6. Féuch, iarruidh tú fírinne taobh a stigh: agus a secréid dfoillsigh tú crionnachd damhsa.
7. Glansa le hisóip mé, agus bíad glan: nigh mé, agus budh gile mé ná sneachda.
8. Do bhéarair orum gáirdeachus agus lúathgháir do chlos; chum go ndéindís na cnámha noch do bhris tú luathgháire.
9. Foluigh haghaidh óm pheacuighibhsi, agus scrios uáim mo chionta.