Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 50:8-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Ni dhéanad himdheargadh ar son híodhbarthach nó hofrálach loisge, noch do bhí ós mo chomhair a gcomhnuighe.

9. Ní ghéubhad bulóg as do thigh, no gabhair fhirionna as do mhánruchuibh.

10. Oír is liomsa a nuile bheathach na coilleadh, an teallach ar mhíle chnoc.

11. Is aithne dhamh uile éanlaith na slíabh: agus is liomsa beathuigh állta an mhachaire.

12. Da mbéinn ocrach, ní inneosuinn duitsi: oír is liomsa an domhan, agus a iomláine.

13. A níosa mé feóil tharbh, no a níbhfe mé fuil na ngabhar?

14. Iódhbair moladh do Dhía; agus díol do mhóide ris an té is ró áirde:

15. Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad thú, agus do bhéara tú glóir dhamh.

16. Acht ris an ccionntach a deir Día, Cá mbeannan duitsi mo statúidighsi dfoillsiughadh, agus go ngéubhthá mo chunnradh ad bhéul?

17. Agus fúathuighe tú smachdughadh, agus teilgfir mo bhríathra táobh síar dhíot.

18. Má chí tú gaduighe, righfidh tú leis, agus atá do chuid ronna leis na hadhaltrannachaibh.

19. Do bheirir do bhéul durchóid, agus cumuigh do theanga cealg.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 50