20. Suighidh tú agus labhruidh tú a naghaidh do dhearbhrathar; do bheirir scannail do mhac do mhathar.
21. Na neithesi do rinnis, agus do bhí misi am thochd; agus do shaóilis go mbéinn cosmhuil riot féin go hiomlán: achd do bhéar achmhusán duit, agus cuirfead na neithesi a nórdughadh ós coinne do shúl.
22. Anois measuighe so, sibhsi noch dhearmadas Día, deagla go réubfuin sibh, agus nach biáidh fear bhur ttárrthála.