Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 50:10-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Oír is liomsa a nuile bheathach na coilleadh, an teallach ar mhíle chnoc.

11. Is aithne dhamh uile éanlaith na slíabh: agus is liomsa beathuigh állta an mhachaire.

12. Da mbéinn ocrach, ní inneosuinn duitsi: oír is liomsa an domhan, agus a iomláine.

13. A níosa mé feóil tharbh, no a níbhfe mé fuil na ngabhar?

14. Iódhbair moladh do Dhía; agus díol do mhóide ris an té is ró áirde:

15. Agus goir orumsa a ló a néigiontais: agus sáorfad thú, agus do bhéara tú glóir dhamh.

16. Acht ris an ccionntach a deir Día, Cá mbeannan duitsi mo statúidighsi dfoillsiughadh, agus go ngéubhthá mo chunnradh ad bhéul?

17. Agus fúathuighe tú smachdughadh, agus teilgfir mo bhríathra táobh síar dhíot.

18. Má chí tú gaduighe, righfidh tú leis, agus atá do chuid ronna leis na hadhaltrannachaibh.

19. Do bheirir do bhéul durchóid, agus cumuigh do theanga cealg.

20. Suighidh tú agus labhruidh tú a naghaidh do dhearbhrathar; do bheirir scannail do mhac do mhathar.

21. Na neithesi do rinnis, agus do bhí misi am thochd; agus do shaóilis go mbéinn cosmhuil riot féin go hiomlán: achd do bhéar achmhusán duit, agus cuirfead na neithesi a nórdughadh ós coinne do shúl.

22. Anois measuighe so, sibhsi noch dhearmadas Día, deagla go réubfuin sibh, agus nach biáidh fear bhur ttárrthála.

23. An té íodhbras moladh do bheir sé onóir dhamhsa: agus an té órduighios a shlighe taisbeanfadsa slánughadh Dé dhó.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 50