Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 50:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Do ráidh an Día cumhachdach, an TIGHEARNA, agus do ghoir an talamh ó éirghe na gréine go a fuineadh.

2. Amach as Sion, do lonnruigh Día, iomláine na sgéimhe.

3. Tiucfaidh ar Ndía, agus ní bhiáidh na thochd: loisgfidh teine roimhe, agus biáidh anfa iomarcach na thimchioll fa gcuáirt.

4. Goirfidh sé chum na bhflaitheas ó a núas, agus chum na talmhan, do bhreith breithe air a dhaoinibh.

5. Cruinnighe mo náomha chugam; noch do rinne cunnradh liom le híodhbairt.

6. Agus foillseochuid na flaithis a fhíréuntachd: óir isé Día féin an breitheamh. Selah.

7. Cluinidh, ó mo dhaóine, agus laibheorad; ó a Israel, agus do dhéan fiadhnuise dhuitsi: is misi Día, do Dhíasa.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 50