1. Do ráidh an Día cumhachdach, an TIGHEARNA, agus do ghoir an talamh ó éirghe na gréine go a fuineadh.
2. Amach as Sion, do lonnruigh Día, iomláine na sgéimhe.
3. Tiucfaidh ar Ndía, agus ní bhiáidh na thochd: loisgfidh teine roimhe, agus biáidh anfa iomarcach na thimchioll fa gcuáirt.
4. Goirfidh sé chum na bhflaitheas ó a núas, agus chum na talmhan, do bhreith breithe air a dhaoinibh.
5. Cruinnighe mo náomha chugam; noch do rinne cunnradh liom le híodhbairt.