7. Acht air mo shonsa, tiocfa mé a steach ann do thigh a niomadamhlachd do thrócaire: agus ann heagla do dhéagh adhradh go nuige do theampall náomhtha.
8. Treoruidh mé, ó a THIGHEARNA, ann thfíréantachd, do bhrígh mo naimhde; déan do shlighe direach am fhiaghnuisi.
9. Oír ní bhfuil dísleachd iona mbéul; is fíorurchóid an táobh a stigh dhíobh; is uáimh oscuilte a scornach, do níd bladar le na tteangaidh.
10. Scrios íad, a Dhé; leagthar íad le na ccomhairlibh féin; teilg amach íad a niomadamhlachd a míghníomh; óir do rinneadar easáonta ad aghaidh.
11. Acht gáirdigheadh a nuile dhuine do chuir a dhóigh ionnadsa: gáiridís lé lúathgáir go bráth, do bhrígh go ccumhduigh tusa íad: bidís mar an ccéadna an dream learab ionmhain thainm, lúathgáireach ionnad.
12. Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an firéun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith.