6. Do ghabh eagla greim, dhíobh annsin, pían, mar mhnaói ag breith.
7. Brisionn tú loingios Tharsis ris an ngaóith a noir.
8. Do réir mar do chualamar, marsin do chonncamar a ccathruigh TIGHEARNA na slógh, a ccathruigh ar Ndé: daingneochuidh Día í go bráth. Selah.
9. Atamaoid ag feithiomh air do chinéul grádhach, a Dhé, a lár do theampoill.
10. Do réir hanma, a Dhé, is marsin atá do mholadh go téorannuibh na talmhan: atá do lámh dheas lán dfíréuntachd.
11. Déanadh slíabh Síon gáirdeachus, bídís ingheana Iúdah fólásach, do bhrígh do bhreitheamhnusa.
12. Siubhail timchioll Shíon, gabh fá ccuáirt na timchioll: áirimh a tuir.
13. Comharthuighe go maith a balladha, amhaircigh air a pálásuibh; go ninnsighe don ghiniolach thiocfas bhur ndiáigh.
14. Oír isé an Día so ar Ndía go saóghal na saóghal: treorochuidh sé sinn go bás.