5. Do chonncadar sin, agus dob iongantach léo; do bhádar búaidheartha, do dheithfrigheadar orra.
6. Do ghabh eagla greim, dhíobh annsin, pían, mar mhnaói ag breith.
7. Brisionn tú loingios Tharsis ris an ngaóith a noir.
8. Do réir mar do chualamar, marsin do chonncamar a ccathruigh TIGHEARNA na slógh, a ccathruigh ar Ndé: daingneochuidh Día í go bráth. Selah.
9. Atamaoid ag feithiomh air do chinéul grádhach, a Dhé, a lár do theampoill.
10. Do réir hanma, a Dhé, is marsin atá do mholadh go téorannuibh na talmhan: atá do lámh dheas lán dfíréuntachd.
11. Déanadh slíabh Síon gáirdeachus, bídís ingheana Iúdah fólásach, do bhrígh do bhreitheamhnusa.