1. Is mór an TIGHEARNA, agus is ionmholta go hanmhór a ccathruigh ar Ndé, slíabh a naomhthachda.
2. Is bréaghdha a shuighiughadh, sólás na talmhan uile, cnoc Síon, taoibh an tuáisceirt, cathair an Rígh mhóir.
3. Is aithnid Día ann a phálásuibh mar dhídean.
4. Oír, féuch, do chruinnigheadar na ríghthe, agus do ghabhadar thort le chéile a néinfheachd.
5. Do chonncadar sin, agus dob iongantach léo; do bhádar búaidheartha, do dheithfrigheadar orra.
6. Do ghabh eagla greim, dhíobh annsin, pían, mar mhnaói ag breith.
7. Brisionn tú loingios Tharsis ris an ngaóith a noir.
8. Do réir mar do chualamar, marsin do chonncamar a ccathruigh TIGHEARNA na slógh, a ccathruigh ar Ndé: daingneochuidh Día í go bráth. Selah.