1. Buailidh bhur mbasa, sibhsi uile a phobal; déanuidh gáirdeachus chum Dé re guth caithréime.
2. Oír atá an TIGHEARNA is ro áirde úathbhásach; Rígh mór ós cíonn na talmhan uile.
3. Claóidhfidh sé na daóine fúinne, agus na cineadhacha fá ar ccosuibh.
4. Toighfidh sé ar noighreachd dúinn, oirdhearcus Iácob noch do ghrádhuigh sé. Selah.
5. Do chuáidh Día súas ré caithréim, an TIGHEARNA ré guth an ghalltrumpa.
6. Canuidh psailm do Dhía, canaidh psailm: canaidh moladh dár Rígh, canaidh moladh.
7. Oír isé Día Rígh na talmhan uile: canaidh moladh go héolgach.