Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 46:3-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Bíodh go ndeanadh a huisceadha sin fuáim, agus go mbeidis buáidheartha, da ccriothnuighdís na cnuic le na hat sin go hanmhór. Selah.

4. Atá abhann, a ndéanaid a srutháin sin cathair Dé lúathgháireach, ionad náomhtha tigh comhnuighe an tí is ro áirde.

5. Atá Día iona meadhon; ní corrochtar í: do bhéaraidh Día furtachd di, re héirghe amuch na maidne.

6. Do rinneadar na cineadhacha fuáim, do chorruigheadar na rioghachda: do labhair seision, do leagh an talamh.

7. Atá TIGHEARNA na slógh linn; atá Día Iácob na dhídean aguinn. Selah.

8. Tigidh, féuchuidh air oibribh an TIGHEARNA, noch do chuir dólás air an ttalamh.

9. Do bheir sé fa deara cogadh do chosc go crích na talmhan; brisigh sé an bogha, agus gearruidh an gath ó chéile; loisgidh sé na carbuid annsa teine, ag radh,

10. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh.

11. Atá TIGHEARNA na slogh linn; atá Día Iácob na ro dhídean aguinn. Selah.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 46