12. Agus guidhfid ingheana Tíor haghaidh re tiodhlacadh, an chuid is saidhbhre don phobal.
13. Atá inghean an rígh glórmhar uile taobh a stigh: is dórshnáithe a cúlaidh.
14. Do bhéarthar í chum an rígh a nórnaidheachd dobair shnaithide: na maighdiona a compánuigh noch leanas í do bhéarthar chugadsa íad.
15. Do bhéarthar íad maille ré lúathgháir agus gháirdeachus: tiucfuid go pálás an rígh.
16. A náit haithreadh biáid do mhic, suigheochthar mar phrionnsuighibh íad san talamh uile.
17. Do bhéarad fa deara hainm do bheith ar cuimhne ann gach aon ghinealach: uime sin molfuid na daóine thú go sáoghal na sáoghal.