Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 44:8-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Do nímid glóir a Ndía ar feadh an laói, agus molfam hainm choidhche. Selah.

9. Acht do thréig tú, agus do náirigh tú sinn; agus ní racha tú amach ré ar slúaghaibh.

10. Do bheir tú oruinn iompógh ón namhaid: agus an luchd fhúathuighios sinn do níd éadáil dóibh féin.

11. Do bheir tú sinn amhuil mineallach mar bhíadh; agus spréighe tú sinn a measc na ngeinteadh.

12. Reaca tú do dhaóine air néimhní, agus ní mhéaduigheann tú ó a lúach.

13. Do ní tú scannail dar ccomharsanuibh dhínn, tarcuisne agus magadh don luchd atá fá ccuáirt ar ttimchioll.

14. Do ní tú seanfhocal dínn a measc na ngeinteadh, crothadh cinn a measc na bpoibleach.

15. Atá mo náire ós mo choinne ar feadh an laói, agus dfoluigh náire maighthe mé.

16. Ó ghuth an cháintéora agus an scannluighthéora; ó aghaidh na námhad agus an dioghaltaigh.

17. Tháinig so uile oruinn; gidheadh níor dhearmadamar thusa, agus ní dhearnamar míochoinghioll a naghaidh do chonnartha.

18. Níor iompoigh ar gcroidhe air a ais agus níor chláon ar ccoiscéime ód shlighe;

19. Máta gur bhrúigh tú sinn a nionad na ndragún, agus gur fholuigh tú sinn le scáile an bháis.

20. Má dhearmadamar ainm ar Ndé, agus gur leathnuigheamar ó chéile ar lámha chum Dé choimhthighe;

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 44