22. Aseadh, ar do shonsa marbhthar sinn go láetheamhuil; meastar sinn mar chaorchuibh chum a náir.
23. Múscail, créd fa ccodlann tú, a THIGHEARNA? eirigh, ná tréig sinn go bráth.
24. Cred fa gceilionn tú do ghnúis, a ndeana tú dearmad dar mbuáidhreadh agus dar sárughadh?
25. Oír do cláonadh ar nanam síos chum an luaithrigh: ceangluidh ar mbolg don talamh.
26. Eírigh ad chabhair dhuinne, agus fúasgail sinn ar son do thrócaire.