Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 44:17-24 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Tháinig so uile oruinn; gidheadh níor dhearmadamar thusa, agus ní dhearnamar míochoinghioll a naghaidh do chonnartha.

18. Níor iompoigh ar gcroidhe air a ais agus níor chláon ar ccoiscéime ód shlighe;

19. Máta gur bhrúigh tú sinn a nionad na ndragún, agus gur fholuigh tú sinn le scáile an bháis.

20. Má dhearmadamar ainm ar Ndé, agus gur leathnuigheamar ó chéile ar lámha chum Dé choimhthighe;

21. Nach spionfaidh Día so amach? óir is aithne dhó neithe foluightheacha an chroidhe.

22. Aseadh, ar do shonsa marbhthar sinn go láetheamhuil; meastar sinn mar chaorchuibh chum a náir.

23. Múscail, créd fa ccodlann tú, a THIGHEARNA? eirigh, ná tréig sinn go bráth.

24. Cred fa gceilionn tú do ghnúis, a ndeana tú dearmad dar mbuáidhreadh agus dar sárughadh?

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 44