Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 44:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A Dhé, do chúalamar ré ar gclúasaibh, agus dfoillsigheadar ar naithre dhúinn, a nobair doibrigh tú iona naimsir, san tseanaimsir.

2. Gur dhíbris amach léd láimh na cineadhacha, agus gur shuighidh tú íadsan; do rinnis olc do na daoinibh, agus do theilgis amach íad.

3. Oír ní re na gcloidheamh do ghabhadar oighreachd a nfearuinn, agus ní hí a lámh féin do sháor íad: acht do lámh dheassa, agus do rígh, agus solus haighthe, do bhrígh go raibh tú fabharthach dhóibh.

4. Tusa mo Rígh, a Dhé: aithin sáorughadh do Iácob.

5. Ionnadsa bhuailfiom ar naimhde: ann hainmse shailteoram síos an drong noch éirghios ar naghaidh.

6. Oír ní chuirfead mo dhóigh ann mo bhogha, agus ní sáorfa mo chloidheamh mé.

7. Acht do thárthuigh tusa sinn ó ar naimhdibh, agus do náirighis luchd ar ngortuighthe.

8. Do nímid glóir a Ndía ar feadh an laói, agus molfam hainm choidhche. Selah.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 44