Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 43:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Déana breitheamhnus orum, a Dhé, agus tagair mo chúis an aghaidh an ccineadh neamhthrócaireach: saor mé ó fhear na mealltóireachda agus na hurchoide.

2. Óir is tú Día mo neirt: cred fá ccuireann tú dhíot mé? cred fa nimthighim go doilghiosach ar son sáruighthe mo námhad?

3. Cuir chugam do sholus agus thfírinne: tréoruighdís mé; tugaidís mé chum do chnuic náomhtha, agus chum hionaid comhnuighe.

4. Agus annsin racha mé go haltóir Dé, go nuige Día luathgháir mo gháirdeachuis: agus, molfad thú ar an ccláirsigh, ó a Dhé mo Dhía.

5. Cred fa tteilgionn tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós, sláinte maighthe, agus mo Dhía.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 43