Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 42:4-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Cuimhnighim na neithesi, agus dóirtim orum amach manam: oír do chuáidh mé ris an ccoimhthionól, do chuáidh mé léo go tigh Dé, lé guth lúathgháire agus molta, le hiomad ag congmhail láoi féile.

5. Cred fa tteilgthear síos thú, ó manam? agus cread fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfad é fós ar son sláinte a aighthe.

6. O mo Dhía, atá manam ar na theilgion síos ionnam: da bhríghsin cuimhníghim ortsa ó thalamh lordan, agus Hermonim, agus ón ccnoc bheag.

7. Goiridh an dubhaigéan chum an dubhaigéin re guth do dhuisioll uisgeadh: do chúador do thonna agus do thuile úile tharam.

8. Annsa ló aitheanas Día dhá thrócaire, agus annsa noidhche a chaintic agamsa, urnaigh chum Dé manma.

9. Déara mé ré Día mo charraic, Cred as ar dheármuid tú mé? cred fa nimthighim go doilghiosach ó shárughadh mo námhad?

10. Lé cloidheamh ann mo chnámhuibh, scannluighid meascáirde mé; an feadh a deirid riom go láetheamhuil; Cáit a bhfuil do Dhía?

11. Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: oír molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 42