6. Agus má thig dom fhéuchuin, labhruidh sé díomhaóineas: cruinnighe a chróidhe urchóid dhó féin; rachaidh amach annsa tsráid, agus laibheoruidh é.
7. Tiaghaid a ccogar ré chéile am aghaidh an mhéid fhúathuighios mé: smuáinid olc am aghaidh, ghá rádh,
8. Atá droch easláinte ceangailte go daingion de: agus a nois ó atá na luidhe ní éireochuidh ní sa mhó na sheasamh.
9. Fear mo shíothchána, fós, iona raibh mo dhóigh, noch a duáigh marán, do thog sé suas a shál am aghaidh.
10. Acht tusa, a THIGHEARNA, déan trócaire orum, agus tóg súas mé, agus do bhéur luáigheachd dóibh.