Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 41:4-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. A dubhairt mé, A THIGHEARNA, déana trócaire orum: slánuigh manam; oír do pheacaidh mé ad aghaidh.

5. Labhruidh mo naimhde go holc orum, Cá huáir éugfas sé, agus mheithfeas a ainm?

6. Agus má thig dom fhéuchuin, labhruidh sé díomhaóineas: cruinnighe a chróidhe urchóid dhó féin; rachaidh amach annsa tsráid, agus laibheoruidh é.

7. Tiaghaid a ccogar ré chéile am aghaidh an mhéid fhúathuighios mé: smuáinid olc am aghaidh, ghá rádh,

8. Atá droch easláinte ceangailte go daingion de: agus a nois ó atá na luidhe ní éireochuidh ní sa mhó na sheasamh.

9. Fear mo shíothchána, fós, iona raibh mo dhóigh, noch a duáigh marán, do thog sé suas a shál am aghaidh.

10. Acht tusa, a THIGHEARNA, déan trócaire orum, agus tóg súas mé, agus do bhéur luáigheachd dóibh.

11. Air so aithnighim go bhfuil dúil agadsa ionnam, do bhrígh nach déanuid mo naimhde caithréim ós mo chionn.

12. Acht ar mo shonsa, congmha tú súas mé ann mo iomláine, agus cuirfir mé ós coinne haighthe go bráth.

13. Go madh beannuigh bhías an TIGHEARNA Día Israel ó shíorruidheachd, agus go síorruidhe. Amen, Amen.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 41