Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 41:10-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Acht tusa, a THIGHEARNA, déan trócaire orum, agus tóg súas mé, agus do bhéur luáigheachd dóibh.

11. Air so aithnighim go bhfuil dúil agadsa ionnam, do bhrígh nach déanuid mo naimhde caithréim ós mo chionn.

12. Acht ar mo shonsa, congmha tú súas mé ann mo iomláine, agus cuirfir mé ós coinne haighthe go bráth.

13. Go madh beannuigh bhías an TIGHEARNA Día Israel ó shíorruidheachd, agus go síorruidhe. Amen, Amen.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 41