9. Do shoisgéil mé thfíréuntacht annsa gcoimhthionól mhór: féuch, níor connuimh mé mo bhéul, is aithne dhuit, a THIGHEARNA.
10. Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór.
11. Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé.
12. Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé.
13. Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair.
14. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh.
15. Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha.