4. Is beannuighe an duine chuireas a dhóthchus ansa TIGHEARNA, agus nár fhéuch do nuáibhreach, nó don luchd chláonas chum bréug.
5. O a THIGHEARNA ar Ndía, do rinnis iomad dot oibreachaibh iongantacha, agus dot smuaintighibh dhúinne: ní féidir do neach a ccunntas duitsi a nórdughadh: dá bhfoillseochuinn íad agus a labhairt, is mó íad ná is féidir áireamh.
6. Níor íarr tú íodhbairt nó ofráil; dfoscail tú mo chlúasa: ofráil loisge nó ofráil pheacaidh níor íarr tú.
7. Annsin a dúbhairt misi, Féuch, atáim ag teacht: a cceann an leabhair atá scríobhtha orumsa.
8. Is áoibhin leam do thoil do dhéanamh, O mo Dhé: agus atá do dhligheadh a meadhón minneadh.
9. Do shoisgéil mé thfíréuntacht annsa gcoimhthionól mhór: féuch, níor connuimh mé mo bhéul, is aithne dhuit, a THIGHEARNA.
10. Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór.