Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 40:1-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Do fheith mé go foighideach ris an TTIGHEARNA; agus do chláon sé chugam, agus do chúaluidh mo chomhairc.

2. Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime.

3. Agus do chuir sé caintic núadh ann mo bhéul, moladh dar Ndía: do chífid mórán é, agus biáidh eagla orra, agus cuirfid a ndóigh annsa TIGHEARNA.

4. Is beannuighe an duine chuireas a dhóthchus ansa TIGHEARNA, agus nár fhéuch do nuáibhreach, nó don luchd chláonas chum bréug.

5. O a THIGHEARNA ar Ndía, do rinnis iomad dot oibreachaibh iongantacha, agus dot smuaintighibh dhúinne: ní féidir do neach a ccunntas duitsi a nórdughadh: dá bhfoillseochuinn íad agus a labhairt, is mó íad ná is féidir áireamh.

6. Níor íarr tú íodhbairt nó ofráil; dfoscail tú mo chlúasa: ofráil loisge nó ofráil pheacaidh níor íarr tú.

7. Annsin a dúbhairt misi, Féuch, atáim ag teacht: a cceann an leabhair atá scríobhtha orumsa.

8. Is áoibhin leam do thoil do dhéanamh, O mo Dhé: agus atá do dhligheadh a meadhón minneadh.

9. Do shoisgéil mé thfíréuntacht annsa gcoimhthionól mhór: féuch, níor connuimh mé mo bhéul, is aithne dhuit, a THIGHEARNA.

10. Níor fholuigh mé thfíréuntachd a meadhon mo chroidhe; dfoillsigh mé thfírinne agus do shlánughadh: níor cheilios do chineal grádhach agus thfírinne ón ccoimhthionól mhór.

11. Ná connuimhsi úaim a THIGHEARNA, do thrócaire chineulta: coimhéadadh hoineach grádhach agus thfírinne do ghnáth mé.

12. Oír do timchiolladar uilc dhóairmhe fa ccuairt mé: do ghabhadar na peacaidh greim dhíom, agus ní fhéaduim fhéuchuin súas; atáid ní is líonmhuire ná grúag mo chinn: agus do thréig mo chroidhe mé.

13. Toiligh, a THIGHEARNA, mo sháoradh: a THIGHEARNA, déan deithnios dom chabhair.

14. Náirighthear, agus claóidhtear íad a néinfheachd noch íarrus manam do mhilleadh; filltior ar a nais agus náirighthear an dream noch órduighios olc dhamh.

15. Diothlaithrighthear íad mar lúaigheachd a náire noch a deir riom, Aha, aha.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 40