Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 39:6-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Go deimhin is mar íomháigh shiubhlas a nuile dhuine: go deimhin is a ndíomhaóineas do níd corrughadh: cruinnidh duine maóin, agus ní fheadair sé cía chaithfios íad.

7. Agus a nois, cred ar a bhfuilim ag feithiomh? a THIGHEARNA, atá mo dhóthchus ionnadsa.

8. Om uile aindligheadh sáor mé: na déan scannail a namadáin díom.

9. Do bhí mé balbh, níor fhoscáil mé mó bhéul; do bhrígh go ndéarna tusa é.

10. Athruigh uáimse do bhuille: do mheath mé tre bhuille do láimhe.

11. An tan cheasnuighios tú duine re hachmhusanuibh air son éigceirt, do bhearair air a sgeimhe cnáoi mar léaman: is díomhaóineas go léir a nuile dhuine. Selah.

12. Cluin múrnuigh, a THIGHEARNA, agus tabhair éisteachd dom chomhairc; ná bí boghar rem ghul: oir is coigcríghe mé agadsa, am choimhightheach, mar maithreacha uile.

13. Coisg dhíom, agus léig dhamh mo neart dathnúaghadh, suil imtheachad, agus nach bíad ann ní sa mó.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 39