25. Do bhí mé óg, agus a nois atáim áosta; acht ní fhaca mé an fíréun ar na thréigion, agus a shliocht ag íarruidh déirce aráin.
26. Atá sé trócaireach, agus áirleagthach; ar feadh an laói, agus atá a shliochd beannuigh.
27. Dealuigh ó nolc, agus déan maith; agus áitreibh go bráth.
28. Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad.
29. Géabhaid na daóine fíréunta oighreachd a nfeáruinn, agus áitreobhuid ann go síorruidhe.
30. Laibheoruidh béul a nfíréin eagna, agus laibheoruidh a theanga breitheamhnus.
31. Atá dligheadh a Dhé iona chroidhe, ní sciorrfuidh áon dá choiscéimibh.
32. Bí an drochdhuine ag faire ar an bhfíréun, agus íarruidh a chur chum báis.