22. Oír an mhéid atá ar na mbeannughadh uadhsan géabhuid oighreachd na talmhan; agus an luchd do mhalluigh sé gearrfar amach íad.
23. Is ón TTIGHEARNA orduighthear coiscéime an duine: an tan bhías dúil aige iona shlighe.
24. Bíodh go ttuitfeadh, ní teilgfighthear síos é: óir congmhaidh an TIGHEARNA a lámh súas.
25. Do bhí mé óg, agus a nois atáim áosta; acht ní fhaca mé an fíréun ar na thréigion, agus a shliocht ag íarruidh déirce aráin.
26. Atá sé trócaireach, agus áirleagthach; ar feadh an laói, agus atá a shliochd beannuigh.
27. Dealuigh ó nolc, agus déan maith; agus áitreibh go bráth.
28. Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad.
29. Géabhaid na daóine fíréunta oighreachd a nfeáruinn, agus áitreobhuid ann go síorruidhe.
30. Laibheoruidh béul a nfíréin eagna, agus laibheoruidh a theanga breitheamhnus.