14. Do thairngeadar na drochdhaóine an cloidheamh, agus do réighiodar a mbogha, do theilgean na mbuaidheartha agus an mbochd síos, agus do mharbhadh na ndíreach san tslighe.
15. Rachuidh a ccloidheamh a steach iona ccroidhe féin, agus brisfighthear a mbogha.
16. Is féarr an beagan atá ag an bhfíréun ná saidhbhrios mhóráin do dhrochdhaóinibh.
17. Oír brisfighthear rightheach na ndrochdhaóine: acht congmhaidh an TIGHEARNA an fíréun súas.
18. As aithne don TIGHEARNA láethe na ndíreach: agus biáidh a noighreachd go síorruidhe.
19. Ní bhiáidh náire orra a naimsir a nuilc: agus béid sásuigh a laéthibh na gorta.
20. Acht meithfid na cionntuigh, agus béid naimhde an TIGHEARNA mar mhéuthus na lubhán: cnaóifighthear íad; biáid cnaóite a ndeatuigh.
21. Gabhaidh an drochduine áirleagadh, agus ní dhíolann a rís: acht taisbeanuidh an fíréun trócaire, agus do bheir ní úadh.