Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 37:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Na fearguidh thú féin fá luchd déanta a nuilc, ná bí aingidhe a naghaidh luchda oibrighthe a néigceirt.

2. Oír mar an bhféur gearrfuighear síos go hobann íad, agus críonfuid mar an luibh ghlais.

3. Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin.

4. Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.

5. Táobh do shlighe ris an TTIGHEARNA; agus cuir do dhóigh ann; agus do dhéana sé é.

6. Agus do bhéaruidh sé amach thfíreuntachd mar an solus, agus do bhreitheamhnus mar sholus an mheadhon laói.

7. Bí ad thocht don TIGHEARNA, agus déan feithiomh, foighideach air: ná fearguidh thú féin ris an té bhíos sona iona shlighe, ris an tí noch chriochnuighios a dhroch smuáintigh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 37