1. Na fearguidh thú féin fá luchd déanta a nuilc, ná bí aingidhe a naghaidh luchda oibrighthe a néigceirt.
2. Oír mar an bhféur gearrfuighear síos go hobann íad, agus críonfuid mar an luibh ghlais.
3. Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin.
4. Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.
5. Táobh do shlighe ris an TTIGHEARNA; agus cuir do dhóigh ann; agus do dhéana sé é.
6. Agus do bhéaruidh sé amach thfíreuntachd mar an solus, agus do bhreitheamhnus mar sholus an mheadhon laói.