Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 36:4-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Smuáinighidh sé díomháoineas air a leabuidh; suighidh sé féin ar shlighe nach maith; ní dhiúltann an tolc.

5. A THIGHEARNA, is annsna flaitheasuibh atá do thrócaire; agus thfírinne go nuige na néulla is áirde.

6. Is cosmhuil thfíréantachd re sléibhtibh ro árda; do bhreitheamhnuis is cosmhuil ris an ndubhaigéan: ó a THIGHEARNA, cumhduigh tú an duine agus an tainmhidhe.

7. Cred é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndaóine a ndóigh a scáile do sciathán.

8. Béid ar na sásughadh go ro mhór lé méathus do thighe; agus do bhéara tú orra ól daibhne haóibhnis.

9. Oír is agadsa atá tobar na beatha; ann do sholusa do chídhfiom solus.

10. Faduigh do thrócaire don luchd darab éolach thú; agus thfíréuntachd don díreach a ccroidhe.

11. Na tigeadh cos a núabhair orum, agus ná corruigheadh lámh an chiontuigh mé.

12. Annsin do thuiteadar luchd oibrighthe na hurchóide: do teilgiodh síos íad, agus ní budh éidir léo éirghe.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 36