Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 36:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A Deir droichghníomh an chiontuigh a stigh ann mo chroidhe, nach bhfuil eagla Dé ós coinne a shúl.

2. Oír do ní spleadhachus ris féin iona radharc, nó go naithnighior go bhfuil a pheacaidh fúathmhar.

3. Is mícheart agus mealltóireachd bríathra a bhéil: do léig dhe bheith glic, agus maith do déanamh.

4. Smuáinighidh sé díomháoineas air a leabuidh; suighidh sé féin ar shlighe nach maith; ní dhiúltann an tolc.

5. A THIGHEARNA, is annsna flaitheasuibh atá do thrócaire; agus thfírinne go nuige na néulla is áirde.

6. Is cosmhuil thfíréantachd re sléibhtibh ro árda; do bhreitheamhnuis is cosmhuil ris an ndubhaigéan: ó a THIGHEARNA, cumhduigh tú an duine agus an tainmhidhe.

7. Cred é oirdhearcus do thrócaire a Dhé! air a nadhbhar sin cuirfid mic na ndaóine a ndóigh a scáile do sciathán.

8. Béid ar na sásughadh go ro mhór lé méathus do thighe; agus do bhéara tú orra ól daibhne haóibhnis.

9. Oír is agadsa atá tobar na beatha; ann do sholusa do chídhfiom solus.

10. Faduigh do thrócaire don luchd darab éolach thú; agus thfíréuntachd don díreach a ccroidhe.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 36