6. Ar a nadhbharsin do dhéana a nuile dhuine díadha urnuigh chugadsa a nam thfaghala: go deimhin a ttuilte uisgeadha móra ní thiocfuid a ngar dhósan.
7. Is tú mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah.
8. Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
9. Ná bíthí mar a neach, nó mar an múille, ag nach bhfuil tuicsi: is iníadhta a bhéul re béulmhach agus re srían, deagla go ttiucfadh sé a ngar dhuit.
10. Atáid iomad doilghios don pheacach: acht tiucfa trócaire, a ttimchíoll an té chuireas a dhóthchus annsa TIGHEARNA.
11. Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.