Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 32:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Is sona an té agá bhfuil a chionnta ar na maitheamh, agus a pheacadh ar na fholach.

2. Is beanuighe an té noch nach cuirionn an TIGHEARNA peacadh na leith, agus ag nach bhfuil cealg iona spioraid.

3. A nuáir do bhí mé am thochd, dfásadar mo chnámha foirfe do bhrígh mo bhúirfeadha ar feadh an laói.

4. Oír do bhí do lámh trom orum do ló agus doidhche: do hiompóigheadh mo fhlicheachd a ttart samhraidh. Selah.

5. Dadmhaidh mé mo pheacadh dhuitse, agus níor fholuigh mé mo chionta. A dubhairt mé, Aideomhad maindlighthe don TIGHEARNA; agus do mhaith tú urchóid mo pheacaidh. Selah.

6. Ar a nadhbharsin do dhéana a nuile dhuine díadha urnuigh chugadsa a nam thfaghala: go deimhin a ttuilte uisgeadha móra ní thiocfuid a ngar dhósan.

7. Is tú mionad foluigh; coiseonuidh tú mé ó bhuáidhreadh; ré gáirdeachus sáortha tiucfuir fá ccuáirt am thimchioll. Selah.

8. Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 32