9. Déan trócaire orum, a THIGHEARNA, óir atáim a mbúaidhreadh: atá mo shúil ar na cnáoi le díbhfheirg, manam fós, agus mo bholg.
10. Oír do caitheadh mo bheatha le doilghios, agus mo bhlíadhna re hosnadhuibh: do laghduigh mo neart tre méaigceart, agus atáid mo chnámha ar na ccnaói.
11. Do bhí mé am scannail a measc measccarad uile, agus go háirigh dom chomharsanuibh, agus am eagla dom luchd aitheantuis: an lucht do chonnairc amuigh mé do theitheadar uáim.
12. Atáim ar dearmad mar dhuine mharbh as cuimhne: atáim mar shoitheach bhriste.
13. Oír do chúalaidh mé scannuil mhóráin: eagla air gach áontaóibh: an feadh do bhádar ag déanamh comhairle a néainfheachd am aghaidh, do thionnsgnadar manam do bhuain asum.
14. Acht ionnadsa do chuir misi mo dhóthchus, a THIGHEARNA: a dúbhrus, Is tú mo Dhía.
15. Atáid maimseara ad láimhse: sáor mé ó láimh mo námhad, óm luchd ainleamhuna.