Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 31:13-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Oír do chúalaidh mé scannuil mhóráin: eagla air gach áontaóibh: an feadh do bhádar ag déanamh comhairle a néainfheachd am aghaidh, do thionnsgnadar manam do bhuain asum.

14. Acht ionnadsa do chuir misi mo dhóthchus, a THIGHEARNA: a dúbhrus, Is tú mo Dhía.

15. Atáid maimseara ad láimhse: sáor mé ó láimh mo námhad, óm luchd ainleamhuna.

16. Tabhair ar haghaidh lonnrughadh air do sheirbhíseach: tárthuigh mé ar son do thrócaire.

17. A THIGHEARNA, na léig mo náiriughadh; óir do ghoir mé órtsa: náirighthear na ciontuigh, curthar na ttochd sa núaigh íad.

18. Déantar pussa na mbréug balbh; noch labhrus neithe géura a naghaidh na bhfíréun re húabhar agus re tarcuisne.

19. O cred méad do mhaitheasa, noch do thaisgidh tú don luchd air a mbí heagla; doibrigh tú don luchd chuirios a ndóthchus ionnad a lathair mhac na ndaóine!

20. Foileochuidh tú íad a nuáignios ad fhiaghnuise ó úabhar an duine: foileochuidh tú íad ann do thabernacuil ó imreasan na tteangtha.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 31